Acmhainní Líofa

A chara,

Mar bhall de Líofa tá cúrsa do thosaitheoirí de chuid Gaelchultúr ar fáil duit saor in aisce ar ranganna.com a mhairfidh trí mhí.

Níl le déanamh agat ach clárú le Líofa agus an cód a iarraidh orainn.

Beidh fáil agat ar chúrsa ar line Líofa do thosaitheoirí láithreach.

Caithfidh tú logáil isteach faoi dheireadh na míosa ina dtugtar an cód duit. Mura ndéanann tú sin déanfar athchúrsáil ar an chód s’agat agus tabharfar an cód sin chuig foghlaimeoir eile.

Go n-éirí leat ar do thuras foghlama agus coinnigh i dteagmháil linn.

Déan teagmháil linn má tá ceist ar bith eile agat.

Beir bua agus beannacht,
Foireann Líofa