Nascanna Úsáideacha

Cúrsaí teanga ar líne

www.ranganna.com - Cúrsaí Gaeilge ar líne ag leibhéil éagsúla.

http://talkirish.com/online-irish-course/ - 60 ceacht idirghníomhach Gaeilge ar líne. Tá an chéad cheacht saor in aisce.

www.101languages.net/irish/ - Tá roinnt frásaí Béarla go Gaeilge ar an suíomh seo chomh maith le heolas úsáideach eile faoin Ghaeilge.

www.rte.ie/easyirish/ - Réamhchúrsa gairid Gaeilge dóibh siúd a d’fhoghlaim an teanga san am a chuaigh thart agus a bhfuil cuimhne acu go fóill ar fhocail agus ar fhrásaí.

www.bbc.co.uk/northernireland/irish/blas/learners/ - Foghlaim bun-Ghaeilge ar chúrsa cúig seachtaine déag. Bealach spraíúil san áireamh fosta le do leibhéal Gaeilge a thástáil.

www.bitesizeirishgaelic.com/ - Is é is aidhm an tsuímh seo cuidiú le daoine Gaeilge a fhoghlaim trí cheachtanna gearra ar líne. Áirítear triail leis atá saor in aisce.

www.gaeltalk.net - Soláthraíonn Gaeltalk réimse de chúrsaí Gaeilge ar líne a dhíríonn ar úsáideoirí aonair, úsáideoirí corparáideacha agus daltaí Ardteistiméireachta.

www.teg.ie/english/about_teg.htm - Is scrúduithe do dhaoine fásta ar inniúlacht ghinearálta sa teanga Ghaeilge iad TEG nó Teastas Eorpach na Gaeilge atá bunaithe go ginearálta ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.

www.easyIrish.com - Lonnaithe i Muileann an tSiáin, Contae Thír Eoghain, is é cuspóir EasyIrish.com Gaeilge a theagasc trí phodchraoltaí agus eolas saor in aisce a thairiscint.

Téarmaíocht agus Foclóirí

www.acmhainn.ie - Suíomh acmhainní Gaeilge. Cuimsítear foclóirí, liosta téarmaíochta agus téacsanna Gaeilge. Tá fóram d’aistritheoirí ar an suíomh fosta.

www.cruinneog.com - Uirlisí seiceáil litriú agus ghramadach na Gaeilge a bhfuil gradaim gnóthaithe acu.

www.focal.ie - Bunachar sonraí Téarmaíochta Náisiúnta don Ghaeilge, arna fhorbairt ag Fiontar agus ag DCU i gcomhar leis an An Choiste Téarmaíochta agus le Foras na Gaeilge.

www.focloir.ie - An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge. Áirítear leis leaganacha digitithe de Foclóir Gaeilge Béarla agus English Irish Dictionary.

Na Meáin

www.peig.ie - Cuireann PEIG.ie eolas ar fáil maidir leis an Ghaeilge, chomh maith leis an nuacht Gaeilge agus Gaeltachta is nua.

www.tuairisc.ie - Cuireann Tuairisc.ie seirbhís nuachta Gaeilge ar fáil do phobal uile na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.

www.rrr.ie - Is cairtstáisiún raidió lánGhaeilge do dhaoine óga é Raidió Rí-Rá.

www.bbc.co.uk/northernireland/irish/index.shtml - Geata chuig na hábhair Ghaeilge ar fad ar an BBC. Áirítear leis acmhainní spraíúla foghlama do dhaoine óga.

www.raidiofailte.com - Raidió Fáilte, stáisiún raidió Gaeilge a bhfuil gradaim gnóthaithe aige, a chraolann ó Bhéal Feirste.

www.raidionalife.ie - Raidió na Life, stáisiún raidió Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

www.rte.ie/rnag - RTÉ, Raidió na Gaeltachta. Stáisiún raidió Gaeilge a chraolann ó Thír Chonaill, ó Ghaillimh, ó Chiarraí agus ó Bhaile Átha Cliath.

www.rte.ie - Craolann RTÉ roinnt cláir Ghaeilge ar an teilifís agus ar an raidió.

www.tg4.tv - Cainéal Gaeilge na hÉireann, TG4. Is féidir cuid dá chlár a choimhéad anseo ar líne.

www.nuacht24.com - Tairseach nuálach nuachta atá ag freastal ar phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

www.nos.ie - Is iris chultúir agus stíl mhaireachtála ar líne é NÓS.

www.daltai.com - Is é an cuspóir atá ag Daltaí na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus a theagasc trí ranganna agus acmhainní ar líne.

www.meoneile.ie - Is tairseach ghréasáin é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh agus i gceantair eile.