About the Gaeltacht

Cad is Gaeltacht ann?

Is cur síos oifigiúil é  ‘Gaeltacht’ a bhaineann leis na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil nó ina mbíodh go dtí le gairid, an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag an chuid is mó den phobal. Clúdaíonn an Ghaeltacht limistéir fhairsinge i gcontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí – iad uile ar an chósta thiar – chomh maith le codanna de chontaetha Chorcaí, na agus Phort Láirge. Is é an Ghaeltacht i dTír Chonaill an áit is mó a thaitníonn le foghlaimeoirí Ghaeilge Uladh, an nasc is gáire leis an chaniúint dhúchais a bhíodh ag éirí go maith fud fad Uladh.

Foinse Fhoghlaim na Gaeilge

Tá ról lárnach ag an Ghaeltacht i bhfoghlaim na Gaeilge. Téann lucht foghlama na teanga ina sluaite chun na Gaeltachta bliain i ndiaidh bliana mar go n-aithníonn siad í mar fhoinse luachmhar inar féidir an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh cionn is go mbíonn an Ghaeilge le cluinstin i ngach gné den tsaol laethúil. Cuireann freastal ar chúrsaí Gaeltachta ar chumas fhoghlaimeoirí agus chainteoirí iad féin a thumadh sa teanga agus a stór focal a shaibhriú agus a fhorbairt. Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil ar fud na hÉireann do dhaoine fásta, do dhéagóirí agus do theaghlaigh. 

Saibhriú Cultúrtha

Is gné lárnach eile den Ghaeltacht é an t-eispéireas a bhaineann le tú féin a thumadh i saol beoga na Gaeilge ar bhonn laethúil agus in oidhreacht shaibhir chultúrtha na Gaeilge amhail amhráin sean-nóis, litríocht, damhsa, béaloideas agus stair. Is minic gurb é an comhthéacs saibhir seo a spreagann foghlaimeoirí éirí níos líofa sa Ghaeilge.

Oileán Gaeltachta tráth

Cé go bhfuil na ceantair oifigiúla Ghaeltachta teoranta do ceantair áirithe ar an oileán sa lá atá inniu ann, aithnítear gur Ghaeltacht é oileán iomlán na hÉireann, thuaidh agus theas, lá den tsaol. Níor tosaíodh ar labhairt an Bhéarla ar bhonn forleitheadach go dtí an 17ú haois.

Sa lá atá inniu ann, d’ainneoin nach í an Ghaeilge teanga dhúchais fhormhór na ndaoine ar an oileán seo, d’fhág na Gaeilgeoirí luatha sin oidhreacht a mhair agus atá beo go fóill agus i mbailte fearainn, i logainmneacha agus in ainmneacha pearsanta agus tá an-bhorradh faoi úsáid agus foghlaim na Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta.

An Ghaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta

Caithfear a thuiscint nach leis an Ghaeltacht amháin a bhaineann an Ghaeilge nó foghlaim na Gaeilge. Dáiríre, tá cuid mhór deiseanna ann leis an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Tá an Ghaeilge á teagasc ina lán scoileanna agus tá oideachas trí mheán na Gaeilge á thabhairt do na mílte páiste agus duine óg ar fud an oileáin.

Is í an Ghaeilge teanga an tí ag cuid mhór teaghlach, thuaidh agus theas, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Sna 1960í malla, bhunaigh teaghlaigh óga, arb í an Ghaeilge teanga an tí acu, Gaeltacht uirbeach ar Bhóthar Seoighe, Béal Feirste. Le blianta beaga anuas, tá Ceathrú Ghaeltachta á bunú in Iarthar Bhéal Feirste, mar shampla, áit a dtig le daoine bheith cur fúthu, bheith ag obair agus dul chun na scoile trí mheán na Gaeilge.

Ta na mílte duine ag foghlaim agus ag labhairt na Gaeilge ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Is sampla é Gaeltacht Mheiriceá Thuaidh den bhorradh atá faoin tsuim sa Ghaeilge i dtíortha eile. Is é an ceantar tuaithe seo in Ontario, Ceanada an chéad Ghaeltacht oifigiúil taobh amuigh d’Éirinn. Bíonn ranganna Gaeilge agus cultúir ar siúl ann ó cheann ceann na bliana agus béim ar leith ar thumchúrsa seachtaine i mí Lúnasa gach bliain. Tá pobail bheoga Ghaeilge fosta i Meiriceá, san Astráil agus i Sasana.