Ceisteanna Coitianta

C

Cad é an rud é Líofa?

Ciallaíonn an focal Líofa teanga a bheith ar do thoil agat agus sin é díreach an cuspóir atá ag feachtas Líofa – líon méadaithe daoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Spreagann Líofa daoine gealltanas pearsanta a thabhairt lena leibhéal Gaeilge a fheabhsú agus, trí sin a dhéanamh, bheith i gcomhpháirt le pobal atá tiomanta d’úsáid agus d’fhoghlaim na Gaeilge.
C

Cad é mar a thig liom éirí Líofa?

Is tiomantas pearsanta atá i gceist le Líofa. Is iomaí sin dúshlán ar bhealach na líofachta. Cuideoidh Líofa leat rang a aimsiú i do cheantar féin agus/nó tú a threorú i dtreo tacaíocht R-Fhoghlama. Is gné lárnach í an Ghaeltacht ar bhealach na líofachta agus d’fhéadfaí go mbeifeá incháilithe ar an Scéim Sparántacht Ghaeltachta. Cuideoidh Líofa leat fosta teacht ar dhianchúrsaí níos cóngaraí don bhaile. Mar bhall de chuid Líofa beidh tú i dteideal pribhléidí Foghlama Líofa. Ar deireadh thiar, is sprioc dhúshlánach ach réadúil é Líofa!
C

Cé na daoine a dtig leo clárú le Líofa?

Is feachtas é Líofa a cheiliúrann ilchineálacht agus cuimsitheacht na Gaeilge agus atá ar oscailt do gach duine, as gach cineál cúlra, ar mian leo gealltanas pearsanta a thabhairt an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim.
C

Cad é an rud é fáinne?

Is siombail é an Fáinne den nasc atá agat leis an Ghaeilge. Caitheann daoine an Fáinne lena léiriú go bhfuil siad ábalta agus sásta Gaeilge a labhairt. Má tá an Ghaeilge ar do thoil agat nó má tá tú ag tosú amach mar bhunfhoghlaimeoir, tá cead agat Fáinne a chaitheamh – roghnaigh an fáinne is fóirsteanaí i dtaca le do chumas Gaeilge de. Fóireann an Fáinne Airgid dóibh siúd a bhfuil bunchumas Gaeilge acu. Léiríonn an Fáinne Óir gur cainteoir líofa Gaeilge thú. Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil fosta dóibh siúd ar fearr leo é. Tá an suaitheantas ‘Cúpla Focal’ ar fáil do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu agus atá bródúil as an chúpla focal atá acu.