Maidir le Líofa

Ciallaíonn an focal Líofa teanga a bheith ar do thoil agat agus sin é go díreach an cuspóir atá ag Líofa – líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu a mhéadú.

Tá sé d'aidhm againn anseo ag Líofa  an oiread agus is féidir a spreagadh le gealltanas pearsanta a thabhairt feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus trí sin, a bheith ina mball de phobal daoine atá ar aon dearcadh faoi úsaid agus faoi fhoghlaim na Gaeilge. Tá d'aidhm againn fosta tacaíocht a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí ag céimeanna éagsúla ar a dturas teanga. Mar a deir an seanfhocal - ní neart go cur le chéile.

Seoladh  Líofa i mí Mheán an Fhómhair 2011 agus an chéad sprioc a bhí aici 1,000 duine gealltanas Líofa a thabhairt in éineacht léi agus luí isteach ar fheabhsú agus ar úsáid na Gaeilge. Faoi dheireadh na bliana 2023 bhí níos mó ná 26,300 duine againn a bhí tiomanta don teanga a fhoghlaim.

Nuair a cláraíonn tú le Líofa agus má comhlíonann tú na critéir

  • is féidir leat a lán acmhainní foghlama a aimsiú ar an tsuíomh s'againn
  • is féidir sparánacht a iarraidh orainn le gabháil ar chúrsa Gaeilge i gcolaiste samhraidh i dTír Chonaill.