Ráiteas Inrochtaineachta do Liofa.eu

Tá feidhm ag an ráiteas seo maidir leis an inneachar a fhoilsítear ar an fhearann www.liofa.eu. Níl feidhm aige maidir le haon fhearainn tríú páirtí ar a n-óstáiltear seirbhísí Líofa, áfach.

Is í an Roinn Pobal a riarann an suíomh Gréasáin seo. Tá sé deartha chun go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann é a úsáid. Ba cheart an téacs a bheith soiléir agus sothuigthe. Ba cheart duit bheith in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil isteach suas go 300% gan aon fhadhbanna
  • an chuid is mó den suíomh Gréasáin a nascleanúint gan ach méarchlár a úsáid
  • an chuid is mó den suíomh Gréasáin a nascleanúint ach bogearraí aitheanta cainte a úsáid
  • an chuid is mó den suíomh Gréasáin a rochtain ach léitheoir scáileáin a úsáid (lena n-áirítear na leaganacha is déanaí de JAWS, de NVDA agus de VoiceOver)

Cé chomh hinrochtana agus atá an suíomh Gréasáin seo

Níl codanna áirithe den suíomh Gréasáin seo lán-inrochtana. Mar shampla:

  • níl roinnt leathanach agus ceangaltán doiciméid scríofa i dteanga shoiléir
  • níl aon chinn sraithe nó cholúin ann ar roinnt táblaí
  • tá droch-chodarsnacht datha ann ar roinnt leathanach agus eilimintí
  • níl roinnt eilimintí ceannteidil ag teacht lena chéile
  • níl dea-théacs malartach ann ar roinnt íomhánna agus deilbhíní
  • níl tuairiscí dóthanacha ann ar roinnt íomhánna casta
  • níl roinnt cnaipí sainaitheanta i gceart
  • níl roinnt teachtaireachtaí earráide bainteach go soiléir le rialuithe foirme

Cad é mar is féidir inneachar a iarraidh i bhformáid inrochtana

Má theastaíonn faisnéis uait i bhformáid eile, déan teagmháil linn ach úsáid a bhaint as an fhoirm teagmhála agus cuir na nithe seo a leanas in iúl dúinn:

  • seoladh Gréasáin (URL) an inneachair
  • d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist
  • an fhormáid a theastaíonn uait, mar shampla dlúthdhiosca fuaime, Braille, Teanga Chomharthaíochta na Breataine, prionta mór nó comhad inrochtana PDF

Fadhbanna inrochtaineachta a thuairisciú maidir leis an suíomh Gréasáin seo

Bímid ag féachaint i gcónaí le feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh Ghréasáin seo. Más rud é go dtagann tú ar aon fhadhbanna nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo nó go gceapann tú nach bhfuil ceanglais inrochtaineachta á gcomhlíonadh againn, déan teagmháil linn ach úsáid a bhaint as an fhoirm teagmhála. Fiosróidh oifigigh Líofa an cheist ansin.

Nós imeachta forfheidhmithe

Tá Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann freagrach as na Rialacháin maidir le hInrochtaineacht do Chomhlachtaí Earnála Poiblí (Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha) (Uimh. 2) 2018 (na ‘rialacháin maidir le hinrochtaineacht’) a fhorfheidhmiú i dTuaisceart Éireann. Mura bhfuil tú sásta leis an fhreagra a thug muid ar an ghearán uait, déan teagmháil le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann.

Faisnéis theicniúil maidir le hinrochtaineacht an tsuímh Ghréasáin seo

Tá an Roinn Pobal tiomanta dá cuid suíomhanna Gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir na Rialachán maidir le hInrochtaineacht do Chomhlachtaí Earnála Poiblí (Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha) (Uimh. 2) 2018.

Mar gheall ar na réimsí neamhchomhlíonta atá liostaithe thíos, is go páirteach a chomhlíonann an suíomh Gréasáin seo caighdeán AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Inneachair ar an Ghréasán (WCAG) – leagan 2.1.

Inneachar neamh-inrochtana

Tá an t-inneachar atá liostaithe thíos neamh-inrochtana ar na cúiseanna seo a leanas.

Neamhchomhlíonadh na rialachán maidir le hinrochtaineacht

Tá an t-inneachar nach bhfuil inrochtana leagtha amach thíos, agus mionsonraí tugtha faoi na nithe seo a leanas:

  • an fhadhb/na fadhbanna inrochtaineachta lena mbaineann
  • na réimsí ina mainníonn an t-inneachar na critéir ratha a chomhlíonadh, agus
  • cén uair atá sé beartaithe againn an fhadhb a réiteach

Fadhbanna forbróra

Is le bunchóras bainistíochta inneachair Drupal a bhaineann roinnt de na fadhbanna inrochtaineachta agus beidh ionchur forbróra agus ionchur deartha Gréasáin ag teastáil chun iad sin a réiteach.

Níl an t-ord ceart fócais nó an t-ord ceart léitheoireachta ar roinnt eilimintí, mar shampla na heilimintí difriúla de cheanntásc an tsuímh Ghréasáin. Is féidir go gcuirfidh sé sin cosc ar úsáideoirí inneachar a nascleanúint go seicheamhach, nó san ord atá beartaithe, go háirithe i gcás go mbeidh méarchlár nó léitheoir scáileáin in úsáid acu. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 2.4.3 (ord fócais) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Níl codarsnacht dhóthanach ann idir an téacs agus an cúlra ar roinnt leathanach agus eilimintí. Is féidir go gcuirfidh sé sin cosc ar úsáideoirí lagamhairc an fhaisnéis atá i gceist a léamh go héasca. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéir ratha 1.4.1 (úsáid datha), 1.4.3 (codarsnacht (íosta)) agus 1.4.11 (codarsnacht neamhthéacs) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Tá roinnt nasc ann atá do-idirdhealaithe toisc nach bhfuil codarsnacht datha dhóthanach orthu nó toisc nach bhfuil codarsnacht datha staide ainlithe orthu. Fágann sé sin nach bhfuil siad so-aitheanta. Is féidir go gcuirfidh sé sin cosc ar úsáideoirí, lena n-áirítear iad sin a bhfuil easnaimh dhatha orthu, na naisc sin a shainaithint. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 1.4.1 (úsáid datha) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Ní thairgtear ar an suíomh Gréasáin seo fócas leordhóthanach ar eilimintí leathanaigh. I gcás nascleanúint méarchláir, mar shampla, níl sé soiléir cén áit ar féidir an t-úsáideoir fócasú agus cailltear treoshuíomh dá bharr sin. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 2.4.7 (infheictheacht fócais) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Is é a ghabhann le barr-nascleanúint an tsuímh Ghréasáin ná roghchláir anuas nach bhfuil inrochtana trí oibríocht méarchláir. Cuireann sé sin cosc ar aon úsáideoir an príomhinneachar a oibriú ach méarchlár a úsáid. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 2.1.1 (méarchlár) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Níl aon lipéid nó teidil fhaisnéiseacha ann ar roinnt eilimintí idirghníomhacha. Cuireann sé sin cosc ar úsáideoirí an fheidhm nó an treoir a ghabhann le heilimint, mar shampla cnaipe, a shainaithint go soiléir. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 3.3.2 (lipéid nó treoracha) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Níl ar fheidhm cuardaigh an tsuímh aon téacs ionadchoinneálaí le haghaidh an chomhpháirt a lipéadú ó amharc agus le haghaidh ceangal a dhéanamh idir an chomhpháirt agus an fheidhm atá aici. Fágann sé sin nach féidir le daoine faoi mhíchumas a bheith ag brath ar lipéid infheicthe a úsáid mar mhodh le haghaidh idirghníomhú le comhpháirteanna den sórt sin. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéir ratha 1.3.1 (faisnéis agus caidreamh), 2.5.3 (lipéad san ainm) agus 2.4.6 (ceannteidil agus lipéid) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Ní féidir inneachar a pharsáil go cruinn mar gheall ar roinnt earráidí i gcód foinseach an tsuímh. Cuireann sé sin cosc ar ghníomhairí úsáideora, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta, inneachar a léirmhíniú agus a pharsáil go cruinn. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 4.1.1 (parsáil) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Ní féidir na híomhánna timpealláin ar leathanach baile an tsuímh Ghréasáin a chur ar sos, a stad nó a cheilt. Is féidir le hinneachar a ghluaiseann nó a nuashonraíonn go huathoibríoch a bheith ina bhacainn d’úsáideoirí a bhfuil deacracht acu téacs seasta a léamh go tapa agus d’úsáideoirí a bhfuil deacracht acu míreanna a rianú agus iad ag gluaiseacht. Is féidir leis sin fadhbanna a chruthú do léitheoirí scáileáin fosta. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 2.2.2 (cur ar sos, stad, ceilt) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Ní sholáthraítear moltaí oiriúnacha ar roinnt teachtaireachtaí sainaitheanta earráide a bhaineann le foirmeacha. Is féidir go gcuirfidh sé sin cosc ar úsáideoirí a shainaithint cad atá cearr agus is féidir go dtiocfaidh daoine eile ar an chonclúid nach bhfuil an fhoirm lánfheidhmiúil. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 3.3.1 (sainaithint earráide) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Níl teanga an leathanaigh sainaitheanta go soiléir ar roinnt leathanach. Tá líon beag leathanach ann fosta a bhfuil an t-inneachar scríofa i dteangacha difriúla orthu agus nach bhfuil an teanga sainaitheanta orthu. Cuireann sé sin cosc ar úsáideoirí teicneolaíochtaí cúnta agus ar ghnáthghníomhairí úsáideora an téacs sin a léamh agus a thuiscint go cruinn. Teipeann ar an suíomh Gréasáin critéar ratha 3.1.1 (teanga leathanaigh) WCAG a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Nuair a dhéanfaimid aon fhorbairtí ardáin, déanfaimid cinnte de go dtástálfar iad ar mhaithe leis na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha a chomhlíonadh.

Tá ár mbunchóras bainistíochta inneachair á uasghrádú ó Drupal 7 go Drupal 8 faoi láthair. Tá sé beartaithe againn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna thuasluaite le linn an uasghrádaithe sin, rud a meastar go mbeidh sé críochnaithe faoi mhí Mheán Fómhair 2021.

Íomhánna agus Físeáin

Níl líon beag íomhánna casta tuairiscithe go dóthanach i malairt téacs. Níl tuairiscí mionsonraithe ar fáil faoi láthair agus teipeann ar an suíomh Gréasáin critéir ratha 1.1.1 (inneachar neamhthéacs) agus 1.3.1 (faisnéis agus caidreamh) WCAG 2.1 a chomhlíonadh ina leith sin. Tá sé beartaithe againn an fhadhb a dheisiú laistigh den chéad 12 mhí eile agus faoi mhí Mheán Fómhair 2021 ar a laghad.

Nuair a fhoilseoimid inneachar nua, déanfaimid cinnte de go n-úsáidfimid íomhánna ar bhealach a chomhlíonann caighdeáin inrochtaineachta.

Ualach díréireach

Ní bhaineann.

Inneachar nach dtagann faoi raon feidhme na rialachán maidir le hinrochtaineacht

Mar shuíomh Gréasáin a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018, ceanglaítear orainn na rialacháin maidir le hinrochtaineacht inneachair ar an ghréasán a chomhlíonadh ón 23 Meán Fómhair 2020 amach.

Má bhíonn aon fhadhbanna agat leis an suíomh Gréasáin seo a úsáid, déan teagmháil linn ach úsáid a bhaint as an fhoirm teagmhála. Fiosróidh oifigigh Líofa an cheist ansin agus/nó tabharfaidh siad duit an fhaisnéis a theastaíonn uait i bhformáid eile.

Cad é mar a thástáil muid an suíomh Gréasáin seo

Tástáladh an suíomh Gréasáin seo cheana féin agus tá sé á thástáil faoi láthair chun a fháil amach cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé leibhéal A agus leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Inneachair ar an Ghréasán – leagan 2.1. Ba ar bhonn seachtrach neamhspleách a cuireadh na tástálacha sin i gcrích.

Bhain muid úsáid as Modheolaíocht Meastóireachta Comhlíonta na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Inneachair ar an Ghréasán agus cinneadh á dhéanamh againn ar na leathanaigh shamplacha a bheadh le tástáil.

Cad atá ar bun againn chun feabhas a chur ar inrochtaineacht

Tá sé beartaithe againn fadhbanna a shainaithint agus a dheisiú de réir na scálaí ama atá léirithe do gach réimse thuas.

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 18/09/2020. Nuashonraíodh an ráiteas den uair is déanaí an 18/09/2020.