Gael-Linn

Gaoth Dobhair (le shocrú)

Dún na nGall

Idirlíon: https://www.gael-linn.ie

Ríomhphost: eolas@gael-linn.ie

Guthán: 00 353 1675 1200

Tá na cúrsaí seo á reáchtáil i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltahta is láidre sa tír. Bíonn ranganna an chúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Maireann na cúrsaí seacht lá agus beidh an bheim ar chumarsáid. Beidh ranganna ann do leibhéil eagsúla cumais ; ón nglantosaitheoir go foghlaimeoir a bhfuil leibhéal réasúnta líofachta acu cheana. Déanfar gach iarracht blas den Ghaeltacht a thabhairt do na foghlaimeoirí trí léachtaí agus imeachtaí sóisialta. Ceann de na haidhmeanna atá leis an gcúrsa ná a léiriú gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge. Bíonn réimse gníomhaíochtaí ar siúl d’fhoghlaimeoirí atá ag glacadh páirte sna cursaí, idir seisiúin ceoil, céilithe, turasanna sa cheantar, scéalaíocht, gníomhaíochtaí áitiúla agus tuilleadh.

Eolas faoi Chúrsaí

Déan teagmháil le:

Sonraí teagmhála; Ian Mac Gabhann, bainisteoir
R.phoist: ian@gael-linn.ie fá choinne tuilleadh eolais ar an chúrsa