Polasaí príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Cosaint Sonraí

Cuireann an tAcht um Chosaint Sonraí 1998 ceanglas dlíthiúil ar an Roinn eolas pearsanta ar bith a bhailímid uait nó fút a chosaint. Más úsáideoir thú agus rochtain ghinearálta phoiblí agus anaithnid agat, ní stórálann ná ní ghabhann suíomh gréasáin na Roinne eolas pearsanta. Ní dhéanann sé ach seoladh IP an úsáideora, a aithníonn an freastalaí gréasáin go huathoibríoch, a logáil.

Taifeadfaidh an córas do sheoladh r-phoist agus eolas eile má thoilíonn tú é sin a dhéanamh dúinn. Caithfear leis seo ar bhonn dílsithe agus rúnda. Má chuireann tú r-phost nó litir chugainn ag iarraidh eolais orainn ar le roinn eile é, d'fhéadfaimis d'iarratas a chur ar aghaidh chuig an roinn sin le go ndéanfar beart ina leith agus déarfaimid leat go ndearna muid amhlaidh.

Ní chuirfear eolas pearsanta a thugann tusa ar aghaidh chuig suíomhanna ar bith eile ná ní úsáidfear é ar chúis ar bith seachas an chúis ar tugadh é. D'fhéadfaí eolas a thugtar dúinn a úsáid faoi choinne athbhreithniú inmheánach agus le cur in iúl duit faoi nuashonruithe ar an suíomh gréasáin.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ónár suíomh agus ós rud é gur lenár suíomh gréasáin amháin a bhaineann an ráiteas seo ba chóir duit i gcónaí ráiteas/polasaí príobháideachais suíomh ar bith ar a mbíonn tú a bhailíonn eolas pearsanta a léamh.