Baineann an ráiteas seo le hábhar atá foilsithe ar an fhearann www.liofa.eu. Ní bhaineann sé le hábhar ar fhearann tríú páirtí ar bith a óstálann seirbhísí ar son Líofa.
Is í an Roinn Pobal a reáchtálann an suíomh idirlín seo. Tá an suíomh deartha sa dóigh is go mbí sé in úsáid ag an líon is mó daoine agus is féidir. Is cóir an téacs atá air a bheith soiléir sothuigthe. Is cóir go mbítear in ann:
- zúmáil isteach suas le 300% gan fadhb ar bith
- an chuid is mó den tsuíomh idirlín a nascleanúint fríd úsáid a bhaint as an mhéarchlár amháin
- an chuid is mó den tsuíomh idirlín a nascleanúint fríd fheidhm a bhaint as bogearra aitheanta cainte
- an chuid is mó den tsuíomh idirlín a úsáid fríd fheidhm a bhaint as léitheoir scáileáin (- na leaganacha is deireanaí de JAWS, NVDA, agus VoiceOver, san áireamh)
Inrochtaineacht an tsuímh idirlín seo
Tá codanna den tsuíomh idirlín seo nach bhfuil an inrochtaineacht iomlán ag gabháil leo. Mar shampla:
- is féidir go bhfuil roinnt leathanach ann nach bhfuil scríofa go soiléir
- is féidir go bhfuil roinnt táblaí ann nach bhfuil ceanntásca sraithe ná ceanntásc colúin curtha iontu
- is féidir go bhfuil roinnt ceannteideal ann nach bhfuil comhleanúnach síos fríd an tsuíomh
- is féidir go bhfuil roinnt íomhánna agus deilbhíní ann nach bhfuil téacs maith malartach ag gabháil leo
An dóigh le hábhar a iarraidh i bhformáid inrochtana
Má bhíonn eolas de dhíth ort i bhformáid eile, déan teagmháil linn fríd an fhoirm theagmhála agus inis dúinn:
- seoladh idirlín (URL) an ábhair
- d’ainm, do shloinne, agus an seoladh ríomhphoist s’agat
- an fhormáid atá de dhíth ort, mar shampla: dlúthcheirnín fuaime; Braille; teanga chomharthaíochta na hÉireann/na Breataine; cló mór; PDF ionrachtana
An dóigh le fadhbanna inrochtaineachta ar an tsuíomh idirlín seo a thuairisciú
Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh idirlín seo. Má thig tú ar fhadhb ar bith nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo, nó má tá tú den bharúil nach bhfuil muid ag comhlíonadh na gceanglas ó thaobh inrochtaineachta de, déan teagmháil linn fríd an fhoirm theagmhála agus déanfaidh ár nOifigigh Líofa an fhadhb a fhiosrú.
An nós imeachta um fhorfheidhmiú
Tá Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (CCTÉ) freagrach as an fhorfheidhmiú i dtaca le The Public Sector Bodies (Websites and Mobile Applications) (No. 2) Accessibility Regulations 2018 i dTuaisceart Éireann. Muna bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt ar do ghearán, déan teagmháil le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (CCTÉ) (fosclófar nasc seachtrach i bhfuinneog / cluaisín nua duit).
Eolas teicniúil fán inrochtaineacht ar an tsuíomh idirlín seo
Tá an Roinn Pobal agus Státseirbhís Thuaisceart Éireann (SSTÉ) tiomanta don ionrochtaineacht dá suíomh idirlín, i gcomhréir le The Public Sector Bodies (Websites and Mobile Applications) (No. 2) Accessibility Regulations 2018.
An stádas comhlíontachta
Tá an suíomh idirlín seo páirt-chomhlíontach leis an chaighdeán AA sna Web Content Accessibility Guidelines version 2.2 de bharr na neamh-chomhlíontachtaí liostaithe thíos.
Ábhar neamh-inrochtana
Tá neamh-inrochtaineacht i gceist leis an ábhar liostaithe thíos ar na cúiseanna seo a leanas.
Neamh-chomhlíontacht maidir leis an reachtaíocht inrochtaineachta
Tá an t-ábhar nach bhfuil inrochtaineacht ag gabháil leis leagtha amach thíos in éineacht le sonraí fá:
- an fhadhb/na fadhbanna inrochtana
- an teip/na teipeanna maidir leis na critéir ratha de, agus
- cá huair atá sé beartaithe againn an inrochtaineacht a réiteach
Ceisteanna do na forbróirí
Tá roinnt leathanach againn nach bhfuil an teanga leathanaigh a bhaineann leo go hiomlán aitheanta, agus tá líon beag eile leathanach againn ina bhfuil ábhar i dteangacha eile iontu agus níl na teangacha sin aitheanta iontu. Cuireann seo bac ar úsáideoirí na dteicneolaíochtaí cúnta agus ar na gníomhairí úsáideora traidisiúnta an téacs a léamh agus a thuigbheáil go cruinn. Is teip é seo ó thaobh chritéar ratha WCAG 3.1.1 de (teanga an leathanaigh). Tá sé beartaithe againn é seo a dheisiú taobh istigh de na 12 mhí amach romhainn .i. fá Mheán Fómhair 2027.
Má dhéanann muid forbairtí ar bith ar na hardáin, déanfaidh muid tástáil orthu lena chinntiú go mbeidh na caighdeáin inrochtaineachta is gá comhlíonta i dtaca leo.
Íomhánna agus Físeáin
Bíonn an chuid is mó de na híomhánna ar an tsuíomh seo sna preasráitis, agus is cóir téacs malartach ag gabháil leo. Sna físeáin a chruthaíonn muid agus a leabaíonn muid ar an tsuíomh, is cóir go gcumasaítear fotheidil leofa.
Comhlíonann an t-ábhar atá foilsithe ó bhí an 23 Meán Fómhair 2020 ann na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha.
An t-ualach díréireach
Ní bhaineann seo le hábhar.
Ábhar nach bhfuil faoi raon feidhme na rialachán inrochtaineachta
Mar shuíomh idirlín a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018, tá ceangal orainn cloí leis na rialacháin inrochtaineachta don idirlíon ó bhí an 23 Meán Fómhair 2020 ann.
Má bhíonn fadhb ar bith agat ó thaobh úsáid an tsuímh idirlín seo de, déan teagmháil linn fríd an fhoirm theagmhála agus déanfaidh ár nOifigigh Líofa an fhadhb a fhiosrú agus/nó bhéarfaidh siad an t-eolas atá de dhíth ort i bhformáid eile.
An dóigh ar thástáil muid an suíomh idirlín seo
Rinneadh an suíomh idirlín seo a thástáil lena chinntiú go gcomhlíontar leibhéal A agus leibhéal AA de na Web Content Accessibility Guidelines 2.2, agus rinneadh na tástálacha air ar bhonn seachtrach neamhspleách.
Bhain muid úsáid as an Mhodheolaíocht Mheastóireachta atá in WCAG (.i. WCAG-EM) mar chur chuige le sampla leathanach a roghnú lena dtástáil.
Na nithe atá muid a dhéanamh leis an inrochtaineacht a fheabhsú
Tá sé beartaithe againn na fadhbanna a aithint agus a réiteach de réir na n-amscálaí i leith gach réimse a thaispeántar thuas.
Tugadh an ráiteas seo den chéaduair ar an 22 Meán Fómhair 2020. Rinneadh é a nuashonrú go deireanach ar an 22 Meán Fómhair 2026.