Cuirtear tús le Scéim Sparánachta na Gaeltachta i Mí Eanáir

Posted:

D’fhógair an Roinn Pobal inniu go bhfuil Scéim Sparánachta na Gaeltachta Líofa 2019 ar oscailt le hiarratais ón 8ú Eanáir 2019.

Tugann an Ghaeltacht deis do chuairteoirí iad féin a thumadh i bpobal Gaeilge, a gcuid eolais ar an Ghaeilge a fheabhsú, agus úsáid na teanga a mhéadú trí fhreastal ar ranganna, agus páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha, spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.

Tá Scéim Sparánachtaí Gaeltachta ar fáil do mhic léinn a bhfaigheann a dtuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne nó do fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na socair cháilitheacha agus atá ina gcónaí i dTuisceart Éirinn. Cionn is go bhfuil an t-éileamh ar an sparánacht – atá £500 an mac léinn ar an mheán agus lóistín agus teagasc san áireamh - an-mhór, tugtar tús áite do na daoine fásta agus na mic léinn siúd nach bhfuair sparánacht riamh agus a chomhlíonann an critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais. 

Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ón suíomh idirlín CommunitiesNI (www.communities-ni.gov.uk) nó trí theagmháil díreach a dhéanamh le Líofa ag 02890515058. Cuirfear deireadh leis an scéim ar an 5ú Márta agus cuirfear iarrthóirí ar éirigh leo ar an eolas i mí an Mhárta 2019.

Ón uair a cuireadh tús leis an scéim fuarthas 1,984 iarratas agus bronnadh 675 sparánacht.