Coláiste Mhachaire Rabhartaigh

Machaire Rabhartaigh
Dún na nGall

Idirlíon: https://www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=248&id=4

Ríomhphost: eolas@gael-linn.ie

Guthán: 00 353 1 675 1200

Tá Machaire Rabhartaigh suite in iarthuaisceart Dhún na nGall siar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn i nGaeltacht Chloch Cheann Fhaolaidh, leath bealaigh idir Gort an Choirce agus Cnoc Fola.

Maireann na cúrsaí i mí Iúil agus Lúnasa ar feadh 22 lá agus tá siad oscailte do dhaltaí idir 11 agus 18 mbliana d’aois. Is aidhm na gcúrsaí seo feabhas a chur ar líofacht na ndaltaí agus cumas agus muinín a chothú iontu an Ghaeilge a labhairt. Tugann na cúrsaí seo deiseanna praiticiúla do na daltaí an Ghaeilge a úsáid.

Cúrsa speisialta is ea an cúrsa i mí an Mheithimh, atá dírithe ar dhaltaí idir 11-14 bliana d’aois ó Thuaisceart Éireann nach bhfuil ach bliain nó dhó déanta acu i staidéar na Gaeilge. Maireann an cúrsa seo ar feadh coicíse.

Eolas breise ó Phóilín Uí Cheannúbháin, Gael Linn, 20 Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha, BT61 7QX ; R.phoist: poilin@gael-linn.ie

Cúrsaí ar fáil:

  • Cúrsa A: 16/06/24 - 01/07/24
  • Cúrsa B: 02/07/24 - 24/07/24
  • Cúrsa C: 25/07/24 - 16/08/24