Comhaltas Uladh

Comhaltas Uladh

13 Ascaill Taunton,
Béal Feirste,
Co. Aontroma

Bunaíodh Comhaltas Uladh i 1926 mar thionól comhairleach de Chonradh na Gaeilge. Is é príomhfheidhm an eagrais an Ghaeilge a chur chun cinn i gCúige Uladh trí ranganna, comórtais scoile, féilte agus Scoláireachtaí Gaeltachta. Bíonn réimse ranganna de chuid CU ar siúl ar fud Chúige Uladh. Eagraíonn Comhaltas Uladh cúrsaí do dhaoine fásta agus do dhéagóirí araon i nGaeltacht Dhún na nGall sna Dúnaibh i Ros Goill, i dTeilinn agus i Rann na Feirste.