Líofa 2024 oscailte fá choinne iarratas

Posted:

Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa 2022

D’fhógair an Roinn Pobal inniu go mbeidh an Scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líofa 2024 oscailte fá choinne iarratas ón Luan 4 Márta 2024.

Faigheann daoine a théann chun na Gaeltachta deis iad féin a thumadh i bpobal labhartha Gaeilge, a gcuid eolais ar an teanga agus an úsáid a bhaineann siad aisti a mhéadú, trí fhreastal ar ranganna Gaeilge mar aon le páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha – spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.

Tá an Scéim Sparántachtaí Gaeltachta oscailte do dhaltaí a bhfaigheann a dtuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne, nó d’fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na sochair cháilithe. Ó tharla go bhfuil éileamh an-mhór ar an sparántacht, tugtar tús áite do na daoine fásta nó do na daltaí siúd nach bhfuair sparántacht roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne: https://consultations.nidirect.gov.uk/dfc/l-ofa-gaeltacht-bursary-scheme-2024 nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le Líofa ag 028 9051 5114.

Druidfear an scéim Dé Luain 25 Márta.