Posted:
Tá fógartha ag an Roinn Pobal go bhfuil Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa do 2026 oscailte anois faoi choinne iarratas.
Tugann Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa deis dóibh siúd a fhreastalaíonn iad féin a thumadh i bpobal Gaeilge, cur lena n-eolas agus úsáid na Gaeilge trí fhreastal ar ranganna agus iad ag glacadh páirt i réimse leathan imeachtaí cultúrtha, spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.
Tá an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta oscailte do dhaltaí a bhfaigheann a gcuid tuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne, nó d’fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na sochair cháilitheacha. Ó tharla go bhfuil an-ráchairt ar an sparánacht, tugtar tús áite do na daoine fásta agus na daltaí siúd nach bhfuair sparánacht roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach ar an fhoirm iarratais.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le Líofa ar 028 9051 5114.
Druidfear an scéim ar an 17 Márta 2026 agus cuirfear scéala chuig na daoine a n-éireoidh leo faoi dheireadh mhí Aibreáin 2026.
Nótaí d’eagarthóirí:
- Seoladh Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa in 2012.
- Tá breis agus 3,000 iarratas faighte agus chóir a bheith 1100 sparánacht bronnta ó seoladh an scéim.
- £550 is ea an meánchostas atá ar sparánacht – a chlúdaíonn lóistín agus teagasc.
- Fiosruithe ó na meáin chuig Preasoifig na RP ar ríomhphost: Press.Office@communities-ni.gov.uk.
- Lean an Roinn ar X, Facebook, Instagram agus LinkedIn.
- Tá seirbhís taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre ar fáil I Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais d’fhiosruithe ó na meain amháin idir 1800 agus 0800 Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.