Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa oscailte do 2026

Posted:

Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa 2022

Tá fógartha ag an Roinn Pobal go bhfuil Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa do 2026 oscailte anois faoi choinne iarratas.


Tugann Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa deis dóibh siúd a fhreastalaíonn iad féin a thumadh i bpobal Gaeilge, cur lena n-eolas agus úsáid na Gaeilge trí fhreastal ar ranganna agus iad ag glacadh páirt i réimse leathan imeachtaí cultúrtha, spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.

Tá an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta oscailte do dhaltaí a bhfaigheann a gcuid tuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne, nó d’fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na sochair cháilitheacha. Ó tharla go bhfuil an-ráchairt ar an sparánacht, tugtar tús áite do na daoine fásta agus na daltaí siúd nach bhfuair sparánacht roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach ar an fhoirm iarratais.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le Líofa ar 028 9051 5114.

Druidfear an scéim ar an 17 Márta 2026 agus cuirfear scéala chuig na daoine a n-éireoidh leo faoi dheireadh mhí Aibreáin 2026.

Nótaí d’eagarthóirí:

  1. Seoladh Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa in 2012.
  2. Tá breis agus 3,000 iarratas faighte agus chóir a bheith 1100 sparánacht bronnta ó seoladh an scéim.
  3. £550 is ea an meánchostas atá ar sparánacht – a chlúdaíonn lóistín agus teagasc.
  4. Fiosruithe ó na meáin chuig Preasoifig na RP ar ríomhphost: Press.Office@communities-ni.gov.uk.
  5. Lean an Roinn ar XFacebookInstagram agus LinkedIn.
  6. Tá seirbhís taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre ar fáil I Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais d’fhiosruithe ó na meain amháin idir 1800 agus 0800 Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.