Osclaíonn an tAire an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa

Posted:

Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa 2022

Inniu d’fhógair an tAire Pobal Deirdre Hargey go bhfuil an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa 2022 oscailte anois le haghaidh iarratas.

I dteannta na 100 sparánacht atá ar fáil, 70 iarratasóir rathúla ó 2020 nach raibh ábalta freastal ar chúrsa Gaeltachta mar gheall ar shrianta Covid-19, beidh siad ábalta freastal in 2022, rud a fhágann gurb í £85,000 an infheistíocht iomlán i mbliana.

Is éard a dúirt an tAire Hargey

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa oscailte anois le haghaidh iarratas. Seo é an chéad chlár ó thús na paindéime, rud a fhágann go mbeidh iarratasóirí rathúla ábalta Gaeilge a fhoghlaim arís agus ní hamháin sin beidh siad ábalta a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha éagsúla, leithéidi spóirt agus ceoil.

“Leis an scéim tá deis ann ceangail agus cairdis nua a dhéanamh le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá ag iarraidh a n-úsáid féin den teanga a fhorbairt.

“Bhí an scéim seo ina cuidiú cheana le breis is 750 duine fásta agus duine óga iad féin a thumadh i bpobal Gaeltachta agus cur lena líofacht sa teanga.”

Sa Ghaeltacht tá deis ar fáil do dhaoine atá ag freastal iad féin a thumadh i bpobal Gaeltachta, cur lena gcuid eolais agus lena n-úsáid i dtaca leis an teanga ach freastal ar ranganna agus a bheith rannpháirteach i réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha lena n-áirítear spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge.

Tá an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta oscailte anois do mhic léinn a bhfuil a dtuismitheoirí ag fáil sochar de réir tástála acmhainne, nó daoine fásta atá ag foghlaim agus atá ag fáil ceann de na sochair cháilitheacha. Toisc go bhfuil an-tóir ar an sparánacht – £500 an duine ar an mheán agus folaíonn sé lóistín agus teagasc – tugtar tús áite do na daoine fásta nó na mic léinn siúd nach bhfuair sparánacht roimhe agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais.

Is féidir iarratais a chur isteach ar líne nó ach teagmháil a dhéanamh go díreach le Líofa ar 028 9051 5114.

Druidfidh an scéim ar an 4 Márta 2022 agus cuirfear iarratasóirí rathúla ar an eolas faoi dheireadh mhí an Mhárta 2022.