Tar-rolladh Scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líofa 2020 go 2021

Posted:

D’fhógair an tAire Deirdre Hargey, CTR go ndéanfar scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líófa 2020 a thar-rolladh go 2021 i bhfianaise chealú Cúrsaí Samhraidh Gaeltachta na bliana seo mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

Dúirt an tAire,

“Is cinneadh iomchuí i gcúinsí reatha é cinneadh na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta na cúrsaí Gaeltachta a chealú i mbliana. Ach mar sin féin, is cinneadh é a rachaidh i bhfeidhm ar Phobal na Gaeilge, ar choláistí na Gaeltachta agus ar na geilleagair áitiúla.

“Mar sin, tá cinneadh déanta agam scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líofa 2020 a thar-rolladh go 2021. Tabharfar an deis d’iarratasóirí rathúla ó scéim 2020 freastal ar na coláistí samhraidh ar an bhliain seo chugainn. Íocfar taiscí le coláistí Gaeilge sa bhliain reatha d’fhonn áiteanna atá ar fáil a chinntiú. Cuideoidh sé seo leis na coláistí a gcostais riaracháin a íoc. D'iarr mé ar mo chuid oifigeach spléachadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil i leith fhtoghlaim na Gaeilge trí Líofa agus trí obair chomhpháirtíochta le Foras."

Nótaí d’Eagarthóirí

  1. Seoladh Scéim Sparántachtaí Gaeltachta Líofa i 2011. Bronnadh sparántacht ar 100 iarratasóir rathúla i mbliana chun freastal ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge i gColáistí Samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill ar bhonn lánlóistín.

  2. Fiosrúcháin ó na meáin ar r-phost chuig Preasoifig na RP press.office@communities-ni.gov.uk. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreasoifigeach Dualgais ar 028 9037 8110.

  3. Lean muid ar twitter @CommunitiesNI / @_liofa