Cuirtear tús le Scéim Sparánachta na Gaeltachta i Mí Eanáir

Posted:

Tugann an Ghaeltacht deis do chuairteoirí iad féin a thumadh i bpobal Gaeilge, a gcuid eolais ar an Ghaeilge a fheabhsú, agus úsáid na teanga a mhéadú trí fhreastal ar ranganna, agus páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha, spórt agus ceol trí mheán na Gaeilge san áireamh.

Tá Scéim Sparánachtaí Gaeltachta ar fáil do mhic léinn a bhfaigheann a dtuismitheoirí sochar de réir tástála acmhainne nó do fhoghlaimeoirí fásta a fhaigheann ceann de na socair cháilitheacha agus atá ina gcónaí i dTuisceart Éirinn. Cionn is go bhfuil an t-éileamh ar an sparánacht – atá £500 an mac léinn ar an mheán agus lóistín agus teagasc san áireamh - an-mhór, tugtar tús áite do na daoine fásta agus na mic léinn siúd nach bhfuair sparánacht riamh agus a chomhlíonann an critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais. 

Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ón suíomh idirlín CommunitiesNI nó trí theagmháil díreach a dhéanamh le Líofa ag 028 9051 5008. Cuirfear deireadh leis an scéim ar an 6ú Márta agus cuirfear iarrthóirí ar éirigh leo ar an eolas i mí an Mhárta 2020.

Ón uair a cuireadh tús leis an scéim fuarthas 2,314 iarratas agus bronnadh 756 sparánacht.

Nóta d’eagarthóirí

  1. Seoladh Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa i 2012.

  2. Is é 100 an mheán-uimhir sparánachtaí a tugadh amach ar chostas  £55,000 per annum.

  3. Fiosrúcháin na meán chuig preasoifig RP ag 028 90823516 nó ríomhphost:  press.office@communities-ni.gov.uk. Lasmuigh d’uaire oifige, déan teagmháil le preasoifigeach dualgais trí uimhir glaoire 028 9037 8110 agus glaofar ar ais ort.

  4. Lean muid ar Twitter @CommunitiesNI